Opinion

Plean Fiche Bliain

Seosamh O Cuaig, Comhairleoir Contae agus comhalta tofa ar Udarás na Gaeltachta

Tá  geamaireacht eile fós ar siúl faoin nGaeilge  anois – Plean 20 Bliain mar dhea. Sé Eamon O Cuív an príomhaisteoir agus ar ndóigh tá aisteoirí cúnta aige – na heagraíochtaí Gaeilge a bhfuil an biorán suain curtha aige iontu le fada agus atá ag braith i gcónaí ar dheontais óna Roinn lena gcoinneáil ag imeacht.

Tá an chluain Mhuimhneach curtha ag O Cuív ar urlabhraithe na Gaeltachta le fada freisin. Tá na heagraíochtaí pobail coillte aige ó thaobh airgid de – cuid den deachma a chaithfear a íoc leis na bancanna, an dream a scrios an tír, iad féin agus na  “speculators”. Fós féin níl de leigheas ag ionadaithe na Gaeltachta ar fhadhb ar bith ach “cruinniú eile le Eamon O Cuív.”

Cá ndeacha an meon a bhí sa nGaeltacht nuair a troideadh ar son Udarás na  Gaeltachta agus Raidió na Gaeltachta a bhunú? An bhfuil dearmad déanta cheana gur as feachtas agóide pobail a tháinig TG4?

Maidir le Udarás na Gaeltachta sí an aidhm mhór atá ag O Cuív anois Udarás na Gaelge a dhéanamh de – go mbeadh sé ag freastal ar chúrsaí Gaeilge ar fud na tíre ar fad. Tá Foras na Gaeilge ann cheana féin. Céard a bheas siadsan a dhéanamh?

Má dhéantar Udarás na Gaeilge de is beag an aird a bheas ag gnáthmhuintir na Gaeltachta air. Obair, postanna agus forbairt  atá uathusan agus na rudaí sin ar fad a bheith ceangailte leis an nGaeilge. Mura mbeidh ann ach cineál craobh eile de Chonradh na Gaeilge ní bheidh meáchan soip acu ann.

Tá pointe eile ann freisin: sé Udarás na Gaeltachta an t-aon eagraíocht réigiúnach sa tír a bhfuil daoine tofa ar an mBord acu. Sa tír seo atá an córas rialtais is lárnaí san Eoraip ar fad. I mBleá Cliath atá an chumhacht  agus níl fonn ar bith ar an dream a bhfuil sí acu aon phioc di a roinnt leis an gcuid eile againn. In áit a bheith ag lagan Udarás na Gaeltachta séard ba cheart a dheánamh é a neartú go mór – tuilleadh cumhachta a thabhairt dó agus, ar ndóigh, tuilleadh airgid. Tá airgead an Udaráis gearrtha go dúid ag O Cuív. Fiú amháin nuair a bhí airgead fairsing  ghearr sé ciste an Udaráis. Chuir sé polasaí na bP.D.s i bhfeidhm  orainn ansin – acmhainní an Stáit a dhíol. Díoladh monarchana agus píosaí talún. Níl aonduine á gceannacht anois agus tá an tUdarás fágtha ar an bhfairíor géar.

Bhí an tAire O Cuív ag cruinniú de Bhord Udarás na Gaeltachta lá. D’fhiafraigh mé de cén fáth ar ghearr sé an t-airgead orainn? D’admhaigh sé gur ghearr “ach,” a dúirt sé, “tá mé féin á chaitheamh agus tá mé á chaitheamh go maith.” Ba bheag nach bhfuair sé bualadh bos óna Dílseoirí dá chuid a bhí sa seomra.

Chaith sé an t-airgead ceart go leor “small things for big families,” mar a dúirt polaiteoir mór le rá eile as Fianna Fáil uair amháin.   “Beads for the Indians,” lena rá ar bhealach eile. Cé hiontas go bhfuil ionadaithe na Gaeltachta faoi dhraíocht aige?  “Beads for the Indians” – úsáideadh é sin go minic ar mhachairí Mheiriceá. Ach chuala mé scéal uair amháin faoi shaighdiúir as  an Seventh Cavalry a bhí i ndúnfort dá gcuid thiar i South Dakota. D’oscail sé an geata maidin amháin agus céard a d’fheicfeadh sé ag teacht chuige aníos an t-ard ach na hIndiaigh Dearga ar a gcuid capall, an phéint chogaidh ar chuile fhear acu agus iad ag liúireach go feargach in ard a gcinn agus a ngutha. Rinne sé iarracht an geata a dhúnadh chomh scioptha agus a d’fhéadfadh sé agus d’fhógair sé ar an dream istigh. “The Indians are up and it’s too late for beads.”

Nár ba fada go bhfeicfidh mé Indiaigh na Gaeltacha ag teacht de ruaig i dtreo na Roinne sna Forbacha agus iad ag troid mar is cóir ar son a bpobail agus a ndúchais. Fillfidh muid anois ar an bPlean 20 Bliain. Tá daoine á mholadh nach bhfuil sé léite chor ar bith acu. Tá daoine eile ag dul ó chruinniú go cruinniú ag sárú faoi. Sin é an chaoi is fearr le O Cuiv é. Is fánach a bhfuil de stráitéis sa gcáipéis ó thús go deireadh agus maidir le airgead a chaitheamh leis an obair a chur i gcrích ná labhair air sin an fhad is atá na billiúin euro le tabhairt do na bancanna.

Sa deireadh thiar thall tá ceist na Gaeilge simplí go leor:

1. An mbeidh na daoine a bhfuil Gaeilge acu sásta í a thabhairt dá gclann?

2. An mbeidh  córas oideachais ann le Gaelge a mhúineadh do dhaoine nach bhfuil sí ag a gcuid tuismitheoirí?

3. An gcuirfidh an Stát deiseanna ar fáil lena húsáid amach anseo?

Is deacair a cheapadh gur freagraí dearfacha  a bheas ar na ceisteanna sin nuair a fheiceann tú na céadta múinteoirí ag múineadh na Gaeilge agus gan trí fhocal Gaeilge acu féin. Dá mbeadh an rialtas dáiríre faoi sin chuirfidís coláiste ar bun láithreach leis an scannal a leigheas. Dhún an Stát na Coláistí Ullmhúcháin blianta ó shin. Níl ina n-áit ó shin ach cur i gcéill agus geallúinti leibideacha.

Ar ndóigh is measa ná riamh cás na Gaeilge sa gcóras Stáit fré chéile. Lá den tsaol bhí dualgas ar dhaoine a bhí ag obair don Stát smeadar Gaeilge de chineál eicínt a bheith acu. Inniu is é meon an “establishment” gur “backwardness” a bheadh i bpolasaí mar sin.

Na daoine a bhfuil cás na Gaeilge ag déanamh imní dóibh ina gcroí istigh éirídís as a bheith ag cur a muinín in Eamon O Cuiv agus ina chuid “mental reservations”. Feachtas cearta sibhialta eile ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta atá ag teastáil. B’fhéidir  go dteipfeadh orainn ach ar a laghad ar bith  bheadh sé le rá go deo nach maidríní lathaí ná lucht lúitéise a bhí ionainn ach gur throid muid an cath go fearúil agus go fiúntach.

Previous post

The left agenda - Cian O'Callaghan

Next post

A tale of two health systems